
Cabhraíonn an treoir idirghníomhach seo leat teacht ar bhealaí praiticiúla chun fadhb a bheadh agat le trádálaí a réiteach

Déan iniúchadh ar thírdhreach an tsásaimh tomhaltóirí agus aimsigh an uirlis is oiriúnaí i do chás-sa

Cuidíonn réiteach malartach díospóidí (RMD) le díospóidí a réiteach agus muinín na dtomhaltóirí á caomhnú ag an am céanna

Na comhlachtaí RMD a liostaítear ar an Tairseach sásaimh tomhaltóirí, cuireann siad nósanna imeachta um réiteach lasmuigh den chúirt ar fáil le haghaidh díospóidí tomhaltóirí. Tá sé formheasta ag na húdaráis náisiúnta go gcomhlíonann siad ardchaighdeáin cháilíochta, neamhchlaontachta agus chothroime

Faisnéis úsáideach agus uirlisí úsáideacha do chomhlachtaí RMD a dtugtar fógra fúthu don Choimisiún: úsáid an mheaisínaistriúcháin, deiseanna cistiúcháin, údaráis inniúla náisiúnta. Beimid ag cur ábhar ábhartha leis go tráthrialta, mar sin coinnigh súil amach dó sin.

Cad í an Tairseach sásaimh tomhaltóirí, agus conas í a úsáid? Conas is féidir liom an comhlacht RMD ceart a aimsiú as measc níos mó ná 400 rogha atá liostaithe ar an suíomh gréasáin seo? Cad a tharlódh dá mba mhian le m’eagraíocht a bheith rannpháirteach ann? Caith súil ar na Ceisteanna coitianta agus tar ar ais arís chun an leathanach a sheiceáil, mar go ndéanfar an leathanach seo a nuashonrú go tráthrialta.