Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Consumer Redress in the EU
Competent authorities sign-in

Faisnéis do chomhlachtaí RMD

Faisnéis agus uirlisí úsáideacha do chomhlachtaí RMD

Ar an leathanach seo cuirtear faisnéis agus uirlisí lárnacha ar fáil do chomhlachtaí um réiteach malartach díospóidí (RMD) ar fud an Aontais agus LEE. Beidh an rannán seo á leathnú againn amach anseo, mar sin ná déan dearmad é a sheiceáil arís le haghaidh aon nuashonruithe.

Meaisínaistriúchán

Tá seirbhísí ilteangacha IS-bhunaithe – lena n-áirítear meaisínaistriúchán – curtha ar fáil san Aontas faoin gClár don Eoraip Dhigiteach lena n-úsáid ag institiúidí an Aontais, ag riaracháin phoiblí, ag an saol acadúil, ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ag eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), tionscadail an Chláir don Eoraip Dhigiteach agus iarrthóirí EPSO.

Uirlisí teanga agus aistriúcháin IS-bhunaithe – Ilteangachas, aistriúchán agus seirbhísí IS teangabhunaithe

Cuirtear na seirbhísí seo go léir, lena n-áirítear meaisínaistriúchán, ar fáil saor in aisce, ach is riachtanach clárú.

Deiseanna cistiúcháin

Glao ar thograí le haghaidh deontais ghníomhaíochta chun ranníocaíochtaí airgeadais a sholáthar do chomhlachtaí RMD agus d’eintitis cháilithe RAD (SMP-CONS-2026-RMD-RAD) – Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA)

Údaráis inniúla náisiúnta

Údaráis inniúla náisiúnta – Sásamh tomhaltóirí san Aontas