
Déan iniúchadh ar thírdhreach an tsásaimh tomhaltóirí agus aimsigh an uirlis is oiriúnaí i do chás-sa
Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC-Net)
Cuireann Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC-Net) cabhair phearsantaithe saor in aisce ar fáil dóibh siúd a mbíonn fadhb acu le ceannachán ó Bhallstát eile den Aontas, ón Íoslainn nó ón Iorua. Is féidir le saineolaithe dá chuid comhairle a chur ort maidir le do chearta, cabhrú leat dul i mbun caibidlíochta leis an trádálaí, agus tú a threorú agus tú ag plé le gearáin nó aisíocaíochtaí – is cuma más táirge lochtach, seirbhís a cealaíodh, nó díospóid maidir le seachadadh atá i gceist. Tá an tseirbhís saor in aisce agus neamhfhoirmiúil – ní gníomhóidh siad mar chúirt ná mar chomhlacht forfheidhmithe, ach is minic a réitíonn an saineolas a gcuireann siad ar fáil i gcainteanna le trádálaithe fadhbanna gan dul i muinín beart dlíthiúil.
Beidh ort teagmháil a dhéanamh le ECC-Net i do thír féin. Léigh tuilleadh…
Réiteach malartach díospóidí
Rogha phragmatach is ea réiteach malartach díospóide (RMD) chun gearáin ó thomhaltóirí a réiteach áit ar bith san Aontas, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin. De ghnáth, ní íocfaidh tú aon rud nó ní íocfaidh tú ach táille bheag, agus réitítear an chuid is mó de chásanna laistigh de 90 lá tar éis duit do ghearán agus an doiciméadacht riachtanach ar fad a chur isteach (bíonn sí sin níos faide ach amháin más casta é do chás-sa). Ní gá duit dlíodóir a fhostú (cé go bhfuil sé de cheart agat déanamh amhlaidh).
I roinnt tíortha, ní mór don trádálaí páirt a ghlacadh in RMD, agus a chur in iúl duit cén t-eintiteas RMD ar cheart teagmháil a dhéanamh leis mura féidir leat do dhíospóid a réiteach go déthaobhach. Ag brath ar na rialacha náisiúnta, d’fhéadfadh cinneadh ceangailteach nó moladh a bheith i gceist.
Má tá an trádálaí lonnaithe i dtír eile, is iondúil go mbeidh ort teagmháil a dhéanamh leis an eintiteas RMD i dtír an trádálaí. Féach an féidir leat do ghearán a chur isteach i do theanga féin – mura féidir, seans go mbeidh ort é a aistriú. Amach anseo, má bhíonn tacaíocht uait, beidh pointe teagmhála náisiúnta RMD i ngach tír san Aontas chun cabhrú leat an comhlacht ceart a aimsiú i dtír eile.
Léigh tuilleadh nó aimsigh d’eintiteas RMD anseo
FIN-NET
Is líonra d’eintitis um réiteach malartach díospóidí (RMD) san Aontas agus sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach é FIN-NET a dhéanann sainfheidhmiú ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais. Ceann de na cúraimí atá orthu is ea é a dhéanamh níos fusa do thomhaltóirí gearáin a réiteach le soláthraí atá lonnaithe i dtír eile. Chomhaontaigh comhaltaí FIN-NET cloí leis na prionsabail a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana, lena n-áirítear déileáil le gearáin trasteorann. Léigh tuilleadh…
Comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta um chearta paisinéirí
Ceanglaítear le rialacha AE ar na Ballstáit ‘comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta’ a ainmniú nó a chruthú, arb é an ról atá acu a fhíorú go bhfuil oibreoirí iompair ag caitheamh le gach paisinéir de réir a gceart. Paisinéirí a chreideann nár urramaíodh a gcearta faoin rialachán AE, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht sa tír inar tharla an teagmhas. Léigh tuilleadh nó téigh chuig leathanach tiomnaithe maidir le cearta paisinéirí.
An Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga
Is rogha dhlíthiúil shimplithe, mhear é an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga le haghaidh díospóidí trasteorann suas le EUR 5 000, atá ar fáil i dteannta le córais náisiúnta chúirte. Tá sé ar fáil i mBallstáit uile den Aontas (ní sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch) – seachas sa Danmhairg. A luaithe a eisítear breithiúnas, aithnítear go huathoibríoch é agus tá sé infhorfheidhmithe ar fud Bhallstáit uile an Aontais – ní cheadaítear aon fhormheas ná dúshláin bhreise.
Ar dtús, líon isteach Foirm A agus cuir doiciméid tacaíochta i gceangal leis, mar shampla admhálacha nó conarthaí. Déan an gearán chuig an gcúirt inniúil, agus seolfaidh an chúirt sin cóip chuig an gcosantóir laistigh de 14 lá – ní mór dóibh freagra a chur ar fáil laistigh de 30 lá. Ní mór don chúirt breithiúnas a eisiúint (nó tuilleadh sonraí a iarraidh) laistigh de 30 lá tar éis di an freagra a fháil. Má tá gá le héisteacht, is iondúil go dtionóltar í trí fhíschomhdháil (níl gá le dlíodóir). Nuair a bheidh an breithiúnas agus deimhniú a d’eisigh an chúirt agat (aistrithe más gá), is féidir leat é a fhorfheidhmiú áit ar bith san Aontas faoi rialacha áitiúla – ach amháin má thagann sé salach ar bhreithiúnas atá ann cheana idir na páirtithe céanna.
Éilimh bheaga | Tairseach Eorpach um Ríomhsheirbhísí Ceartais
Caingne ionadaíocha
Uaireanta déanann cuideachta rud éigin mícheart agus bíonn tionchar aige sin ní hamháin ortsa, ach ar go leor daoine eile ag an am céanna. Nuair a tharlaíonn sin, is féidir le heintiteas cáilithe, le heagraíocht tomhaltóirí aitheanta nó le comhlacht poiblí, dul chun cúirte ar do shon agus ar son gach duine eile a d’fhulaing na héagóracha céanna (cás olldíobhála).
Is féidir leis iarraidh ar an gcúirt stop a chur le cleachtais neamhdhleathacha trádálaithe agus/nó airgead nó leigheasanna eile a fháil do na daoine a ndearnadh dochar dóibh.
Oibríonn sé sin cibé acu atá an trádálaí lonnaithe i do thír féin nó i mBallstát eile den Aontas a bhuí leis an Treoir maidir le caingne ionadaíocha. Tá tuilleadh faisnéise maidir le caingne ionadaíocha le fáil anseo.
Comhlachtaí um réiteach díospóidí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha
Uaireanta bíonn díospóid agat le hardán ar líne nach mbaineann le ceannachán nó le do chearta mar thomhaltóir, ach a bhaineann leis an ábhar a phostáil tú nó le fadhb chomhchosúil. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tugadh isteach comhlachtaí speisialta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a d’fhéadfadh cabhrú leat. Séanadh: níl an rogha seo ar fáil ach amháin san Aontas (agus ní sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch) Léigh tuilleadh…
Aimsigh dlíodóir
Más gá duit dul i gcomhairle le gairmí dlí, cuireann an Coimisiún Eorpach seirbhís speisialta ar fáil chun dlíodóir cáilithe a aimsiú in aon Bhallstát den Aontas nó de LEE. Léigh tuilleadh…
Forfheidhmiú poiblí dlíthe cosanta tomhaltóirí san Aontas
Má bhriseann trádálaí dlíthe tomhaltóirí arís agus arís eile – cosúil le téarmaí conartha éagóracha a úsáid, fógraí míthreoracha, nó táirgí neamhshábháilte a dhíol – is féidir le húdaráis náisiúnta idirghabháil a dhéanamh chun stop a chur leo. Tá an chumhacht ag na comhlachtaí forfheidhmithe poiblí seo (údaráis cosanta tomhaltóirí) fiosrú a dhéanamh, comhlíonadh a ordú, fíneálacha a ghearradh, nó fiú cosc a chur ar chleachtais dhíobhálacha ar fud an Aontais. Nuair a bhíonn baint ag roinnt Ballstát sa díospóid, is féidir le húdaráis cosanta tomhaltóirí AE, in éineacht leis na comhghleacaithe san Iorua agus san Íoslainn, aghaidh a thabhairt ar na faillíocha gairmiúla le chéile (an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí – an líonra CPC). Léigh tuilleadh…